Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe

 Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. Nuair is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí páirt i gcruinnithe athbhreithnithe ar fhoghlaim agus ar mheasúnú.

Measúnú Rangbhunaithe: Tionscadal teanga agus cultúir

Comhlánóidh an scoláire tionscadal teanga agus cultúir dá Mheasúnú Rangbhunaithe.
Tugtar deis don scoláire topaic nó saincheist a roghnú a bhfuil spéis aige inti agus í a fhiosrú thar thréimhse ama chun cur i láthair ó bhéal a dhéanamh. Beidh ról lárnach anseo ag forbairt an idirghníomhaithe agus an táirgthe labhartha agus léireoidh an scoláire chomh maith a eolas cultúrtha agus a fheasacht idirchultúrtha. Áirítear le scileanna eile a fhorbrófar scileanna bunúsacha taighde, ábhar a eagrú, eochairfhrásaí agus eochaircheisteanna a úsáid chun smaointe a mhúnlú, mar aon le scileanna cruthaitheacha a theastaíonn chun cur i láthair a réiteach. I gcás an Mheasúnaithe Rangbhunaithe seo, tugtar deiseanna úsáideacha ar raon stíleanna cuir i láthair ó bhéal a úsáid. Anuas air sin, tugtar deiseanna leis an ngníomhaíocht, nuair is cuí, don scoláire comhoibriú le comhscoláirí agus le daoine eile chun ábhair a bhailiú agus a fhorbairt, agus é ag réiteach dá chur i láthair.
Féadfaidh an scoláire Sínis agus Béarla/Gaeilge a úsáid. Tá sonraí iomlána sna Treoirlínte Measúnaithe ar an Measúnú Rangbhunaithe agus moltar íoslíon abairtí Sínise ba chóir don scoláire a bheith in ann a úsáid.
Cuspóir ar leith a bheidh ag an Measúnú Rangbhunaithe is ea aiseolas forbartha don scoláire a éascú le linn a rannpháirtíochta sa tasc agus ag deireadh an phróisis.  Is féidir an measúnú rangbhunaithe don ghearrchúrsa Sínise a chríochnú sa dara bliain nó sa tríú bliain.
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.